FACEBOOK

SIOPA / SHOP

RANGANNA GAEILGE   07/05/2013

Tá na ranganna Gaeilge ag leanacht ar aghaidh gach seachtain. Tá na ranganna ar bun chun cabhrú le baill an Chumann atá chun a mbealach a dhéanamh go dtí Comórtas Peile na Gaeltachta 2012 atá chun a bheith ar siúl sa Rinn ag tús mí Meitheamh.

Beidh Cumann Peile Mhaigh Cuilinn ag reachtáil Comórtas Peile na Gaeltachta i 2014. Is onóir mhór í seo don Chumann agus tá fíor áthas orainn go mbeidh na mílte daoine ag tabhairt cuairt ar ár mbaile le linn deireadh seachtaine bainc an Mheitheamh, 2014.

 

 

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil ó 1969 i leith. Is i nGaoth Dobhair a reáchtáladh an chéad dá chomórtas. Comórtas náisiúnta atá ann d’fhoirne na nGaeltachtaí ar fad. Reáchtáiltear na comórtais de réir contae ar dtúis agus bíonn na babhtaí náisiúnta ar siúl thar deireadh seachtaine na Cincíse de ghnáth. Reáchtáiltear na comórtais i gCumann Gaeltachta éigin gach aon bhliain.

Ó 1977 tá comórtais sóisir agus Sinsir i gceist. Bíonn comórtas Cailín Gaelach ar siúl i rith na deireadh seachtaine chomh maith le ionadaithe ó gach aon chumann. Eagraítear comórtais Liathróid Láimhe freisin i rith na deireadh seachtaine. Eagraítear go leor imeachtaí sóisialta go háitiúil le linn na féile.

Tá craoladh beo á dhéanamh ag Raidió na Gaeltachta ar an gcomórtas ó 1972 agus craoltar na buaicphointí agus na cluichí ceannais ar TG4 Ã³ 1997 anuas freisin.Baineann gach uile dhuine idir imreoirí, iomaitheoirí, lucht tacaíochta agus araile. taitneamh agus tairbhe as an gcomórtas ar leith seo.Bíonn cluichí peile idir na mná óna Gaeltachtaí difriúla ar siúl chomh maith céanna.

Tá muid chun iarracht a dhéanamh i mbliana an Ghaeilge a chur chun cinn sa gCumann. Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta againn an bhliain seo chugainn agus is féile mhór mhílteach í ina bhfuil an Ghaeilge ina lár. Is féidir linn ar fad rud beag Gaeilge a úsáid agus beidh muid ag forbairt linn de réir a chéile. Is é Pádraic Ó Neachtain an tOifigeach Gaeilge agus beidh sé ag cur tionscnaimh ar bun chun cabhrú linn ar fad ár dteanga dúchais a úsáid níos minicí. 





Comórtas UEFA Euro 2016

MEMBERSHIP

LOTTO